HLP ar an Nuacht

space between nuachtFiona Harrington ar Nuacht RTÉ.

Fuaireamar seans a bheith ar Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 i rith an tIdirspás (The Space Between). Tháinig foireann go hÁth Cinn chun agallamh a thaifead linn. Ar an lá labhair Eilís, Ester, Fiona agus Norma le Sorcha Ní Mhonacháin, iriseoir Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4. Bhaineamar an-sult as an agallamh agus an seans ár scéal a roinnt le lucht féachana náisiúnta. Bhí an píosa craolta ar Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 ar an 9ú lá Deireadh Fómhair. Chomh maith le sin, chuir siad alt ar an suíomh RTÉ freisin faoin dtogra. Taispeántas lásadóireachta le feiceáil i bhfuinneoga Áth Cinn i gCo na Gaillimhe go dtí an 18 Deireadh Fómhair. Táimid an-bhuíoch den fhoireann as an deis iontach sin! Rinne Eilís agallamh le Iris Aniar i mí Bealtaine ar Raidió na Gaeltachta freisin. Bhí an-spéis acu sa dúchas lása, sa stair agus san obair atá idir lámha ag HLP. Bhí muid ag iarraidh nasc a dhéanamh le muintir na Gaeltachta toisc go raibh scoileanna lása in áiteanna iargúlta san iarthar agus, mar sin, go bhfuil seans ann go bhfuil eolas ó béal ann go fóill. Ba bhreá linn teagbháil a dhéanamh le éinne le stair lása ina chlann acu agus bhí muid thar a bheith buíoch as an deis seo labhairt ar clár raidió náisiúnta.

English Translation
We were given the opportunity to appear on Nuacht RTÉ and Nuacht TG4 during The Space Between. A team came to Headford to record an interview with us. On the day, Eilís, Ester, Fiona and Norma spoke to Sorcha Ní Mhonacháin, a journalist with Nuacht RTÉ and Nuacht TG4. We enjoyed the interview and the chance to share our story with the national viewing public. The piece was broadcast on Nuacht RTÉ and Nuacht TG4 on the 9 October. As well as this, they put an article about the project on the RTÉ website Taispeántas lásadóireachta le feiceáil i bhfuinneoga Áth Cinn i gCo na Gaillimhe go dtí an 18 Deireadh Fómhair. We are thankful to the team for this wonderful opportunity! Éilis also did an interview with Iris Aniar on Raidió na Gaeltachta in May. They were very interested in the heritage and history of lacemaking and the work underway by HLP. We were trying to create a link with the people of the Gaeltacht areas because lacemaking schools were located in isolated areas in the West of Ireland and there is a chance that there might be oral information on this history still available. We would love to speak to anyone that has a history of lace in their families and we are really grateful for this opportunity to speak on a national radio programme.